Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Nuair a bhí sé 20 bliain d’aois, chuaigh sé go hAlbain, go Inch, Aberdeenshire ag obair feirmeoireachta faoi scéim, an áit a raibh feirmeoirí ag cuardach oibrithe. Bhí scaifte acu i gcuideachta a chéile. | 00:05:53 | |
Ba seo am an chogaidh thall in Albain agus bhí a sáith eagla orthu go gcuirtí isteach in airm na Breataine iad i gcónaí. | 00:08:23 | |
D’imigh dhá dheirfiúr do le chéile go Meiriceá, go Cleveland, Ohio agus cé go raibh Ned óg is cuimhin leis an oíche sular imigh siad. Oíche ceoil agus damhsa go maidin. Bhí na comharsan uilig cruinnithe le chéile. ‘American Wake’. | 00:01:31 | |
A chuid blianta i gcéin. Chaith sé tamall in Sasana agus in Albain, ba bhfearr leis Albain. Ag tógáil dabhach uisce fá choinne otharlainne in Dundee. D’oibir sé ansin ar scaglann ola (oil refinery) in Grangemouth, cúpla míle as Falkirk. | 00:15:06 | |
A chuimhne ar an dara cogadh agus scéal beag faoi fhear as an Dúnaibh, gaiscíoch darbh ainm John Gallagher. | 00:01:46 | |
Na cásanna a chastaí air corr uair agus é ag obair thall in Albain. Dar leis gur boic a bhí i gcuid de na hÉireannaigh a bhí sé ag obair leis. Scéalta faoi fhir a bhíodh ag obair leis. | 00:11:44 | |
Chaith sé saol breá agus bhí sé breá sásta ar shiúl ag obair. Bhí léir daoine ag imeacht san am sin ar imirce, ar na feirmeacha uilig a bhí Ned, amuigh sa tír. Ní raibh sé ariamh fá Ghlaschú. Bhí an cogadh ar dul ar aghaidh thall san am sin. | 00:03:45 | |